Sign up free

Ceannasaí Éiceolaíochta/Ecology Lead

Water

Ireland19h ago

Free account needed to apply or save. It takes a minute, and we'll bring you right back to this job.

Skills

environmental regulationsit supportrseo

About the role

Is sinne Uisce Éireann. Gach lá, bímid freagrach as seirbhísí uisce atá slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Mar fhóntas uisce rialáilte náisiúnta na hÉireann, is í ár bhfís go mbeidh Éire inbhuanaithe ann ina bhfuil meas ar uisce agus ina bhfuil sé cosanta, don domhan agus do na saolta uile a gcothaítear leis.

Is é an cuspóir atá ag Uisce Éireann ná a bheith inchurtha leis an dúshlán a bhaineann le seirbhísí bunathraitheacha uisce a sholáthar chun go mbeidh rath ar phobail. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid bródúil as an bhfreagracht a ghlacadh as ár soláthar uisce a chosaint agus córas sábháilte uisce a chur ar aghaidh chuig daonra atá ag fás go tapa agus fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann a chumhachtú.

Táimid paiseanta faoi chumhacht a thabhairt dár ndaoine, iad a chumasú tionchar dearfach a bheith acu ar phobail ar fud na hÉireann. Tá comhfhís agus comhchuspóir mar threoir againn, agus cloímid le luachanna a shainíonn cé sinne agus a mhúnlaíonn an chaoi a n-oibrímid, áit a bhfreastalaímid ar chustaiméirí agus ar phobail, a n-oibrímid níos fearr le chéile, a ndéanaimid an rud ceart, a mbíonn uaillmhianta againn, agus a gcoinnímid a chéile slán. Is trínár n-iompar a shainítear an chaoi a ndéanaimid caidreamh agus cumarsáid le chéile, agus a mbíonn rath orainn le chéile. Baineann na luachanna agus an t-iompar seo le gach duine againn, thar gach ról, suíomh, agus leibhéal.

Is é an sprioc atá againn daoine oilte agus cumasacha ó chúlraí éagsúla a mhealladh agus a fhorbairt, agus tabharfaidh na daoine sin raon dinimiciúil saineolais agus léargas chuig ár gcuid oibre. Agus lucht saothair láidir luachbhunaithe ag Uisce Éireann, cinntítear gur féidir linn seirbhísí uisce na hÉireann a chur chun cinn agus freastal ar riachtanais na bpobal a bhfreastalaímid orthu, agus gur féidir linn leanúint ar aghaidh leis an obair sin do na glúnta atá le teacht.

An Ról:

Tá an réimse Bainistíochta Sócmhainní agus Inbhuanaitheachta freagrach as beartais sócmhainní, straitéisí agus pleananna a fhorbairt chun an infheistíocht shuntasach atá ag teastáil a dheimhniú le cur le bonneagar na hÉireann. Tugann an réimse spreagadh don infheistíocht agus do chlár na hInbhuanaitheachta agus na Nuálaíochta don eagraíocht agus glacann sé ceannaireacht ar ghníomhaíochtaí um Rialú Timpeallachta agus Comhlíontachta, a chinntíonn go ndéantar monatóireacht leanúnach ar cháilíocht an uisce agus ar an bhfuíolluisce. Tá an fheidhm Bainistíochta Sócmhainní freagrach as pleanáil straitéiseach, bearta tosaíochta agus forbairt a dhéanamh ar phíblíne Oibreacha Caipitil Uisce Éireann. Tá ról lárnach ag an bhfeidhm i gcomhoibriú agus comheagar gníomhaíochtaí a chur chun cinn thar na trí fheidhm sócmhainne mar aon le measúnuithe timpeallachta agus saineolas bainistíochta a sholáthar thar Uisce Éireann.

Is í freagracht na Foirne Straitéise Sócmhainní pleananna straitéiseacha a fhorbairt do na sócmhainní uisce, fuíolluisce agus nádúrtha go léir agus údarú an bhoinn sócmhainní a chinntiú. Clúdaítear i raon feidhme fhreagracht na foirne 5 phríomhréimse: straitéis chomhshaoil, straitéis sócmhainní uisce, straitéis sócmhainní fuíolluisce, pleanáil chun cinn agus straitéis phleanála.

Agus é/í freagrach don Bhainisteoir Comhshaoil agus Éiceolaíochta, tá an Ceannasaí Éiceolaíochta freagrach as a chinntiú go gcomhlíontar ceanglais rialála éiceolaíocha agus an Plean Infheistíochta Caipitil (CIP) á chur i gcrích. Cuireann an sealbhóir róil le cur chuige caighdeánaithe ar fud na roinne trí bheartais, nósanna imeachta agus dea-chleachtas a chur i bhfeidhm chun tacú le Uisce Éireann le linn chéimeanna scóipe, indéantachta, deartha agus tógála thionscadail agus clár a sheachadadh, agus oibriú agus cothabháil na sócmhainní sin. Tacóidh sealbhóir an róil le Uisce Éireann chun toilithe agus ceadúnais reachtúla ábhartha a fháil. Cinntíonn an sealbhóir róil freisin go bhfuil soláthraithe seirbhíse seachtracha ag cloí leis an mbeartas ábhartha agus go n-oibríonn siad i gcomhar le chéile ar fud an ghnó trí ghníomhaíocht a chomhordú le feidhmeanna éiceolaíocha/comhshaoil ​​eile chun caidrimh a fhorbairt le geallsealbhóirí seachtracha.

Príomhdhualgais agus Freagrachtaí:

  • Acmhainní seachtracha riachtanacha a bhainistiú agus meastóireacht theicniúil a dhéanamh ar Mheasúnachtaí Cuí ábhartha a theastaíonn mar chuid de na próisis Údaraithe um Sceitheadh Fuíolluisce agus Astarraingt Uisce.

  • Comhairle a thabhairt maidir le riosca éiceolaíoch ar thionscadail agus é a mhaolú, agus tacaíocht ríthábhachtach a chomhordú i gcúrsaí a bhaineann le comhairle éiceolaíoch agus ceanglais phleanála ghaolmhara don Ghnó.

  • Freagrach as a chinntiú go bhfuil Bainisteoirí Clár agus Tionscadail lán-eolach ar na ceanglais rialála éiceolaíocha agus na himpleachtaí a bhaineann leo.

  • Comhairle shaineolach éiceolaíoch a chur ar fáil do Bhainisteoirí Clár, do Bhainisteoirí Tionscadail agus do Sholáthraithe Seirbhíse Seachtracha maidir le hoibleagáidí reachtúla a bhaineann le cúrsaí éiceolaíocha roimh agus tar éis pleanála agus forbairt dhíolmhaithe araon.

  • Freagrach as cur chuige éiceolaíoch comhsheasmhach a sholáthar a bhaineann le seachadadh an CIP.

  • Ceannaireacht a dhéanamh ar bhainistíocht geallsealbhóirí teicniúla éiceolaíocha le húdaráis um thoiliú pleanála, údaráis cheadúnaithe agus comhairlithe reachtúla.

  • Freagrach as scanadh léaslíne chun ceanglais reachtacha breise a aithint i dtaca le pleanáil éiceolaíoch agus chomhshaoil ar leibhéal náisiúnta agus AE.

  • A chinntiú go bhfuil Bainisteoirí Tionscadail ar an eolas faoi na himpleachtaí a bhaineann le cinntí a eascraíonn as cásdlí éiceolaíoch don tionscadal/clár.

  • Próisis Measúnachta Cuí (MC) a bhainistiú, lena n-áirítear athbhreithnithe teicniúla ar Scagthástálacha le haghaidh tuarascálacha MC agus tuarascálacha Ráitis Tionchair Natura (RTN) agus a chinntiú go bhfuil siad i gcomhréir le hoibleagáidí reachtúla.

  • Maoirseacht a dhéanamh ar na soláthraithe seirbhíse a dhéanann an próiseas MC agus athbhreithniú teicniúil a dhéanamh ar gach cinneadh MC.

  • Freagrach as Tuarascálacha Scagthástála MC a tháirgeadh/a athbhreithniú más gá sin do Bhainisteoirí Clár/Bainisteoirí Tionscadail.

  • Comhairle theicniúil shaineolach a sholáthar, lena n-áirítear athbhreithnithe ar Thuarascálacha Measúnachta Tionchair Timpeallachta (TMTT) agus cúnamh a thabhairt le comhordú an phróisis MTT do thionscadail Seachadta Sócmhainní.

  • Athbhreithniú a dhéanamh ar thuarascálacha teicniúla lena n-áirítear Measúnachtaí Tionchair Éiceolaíocha (EcIA), Scagadh MC, RTNanna, TMTTanna, agus Ráitis Mhodha is infheidhme maidir le pleananna agus/nó tionscadail.

  • Tacaíocht a thabhairt don Ghnó le haon éisteachtaí ó bhéal, cásanna cúirte, srl. de réir mar is gá.

  • A chinntiú go gcloíonn tionscadail le beartas agus treoirlínte maidir le Speicis Ionracha agus Pleananna Bainistíochta Speicis Ionracha a ullmhú agus/nó a athbhreithniú.

  • A chinntiú go gcloíonn tionscadail le beartas agus treoirlínte bainistíochta bithéagsúlachta, go háirithe beartas Uisce Éireann.

  • Caidrimh oibre éifeachtacha a fhorbairt agus a chur chun cinn le feidhmeanna éiceolaíocha agus comhshaoil eile laistigh d’Uisce Éireann.

  • Scileanna agus saineolas a fhorbairt agus a chothabháil go gníomhach i roinnt réimsí a bhaineann leis an réimse éiceolaíoch agus comhshaoil.

  • Faisnéis theicniúil a chur i láthair go héifeachtach, i bhformáid atá éasca le tuiscint do gheallsealbhóirí reachtúla agus neamhreachtúla, i gcomhar le saineolaithe teicniúla, comhshaoil agus pleanála.

  • Athbhreithniú a dhéanamh ar aighneachtaí ó gheallsealbhóirí agus tabhair freagraí saineolaithe orthu seo.

  • Na dualgais eile siúd a chur i gcrích de réir mar a bhíonn siad ag teastáil go réasúnta ó Uisce Éireann

Dualgais agus Freagrachtaí Ginearálta

  • Comhoibriú le príomhpháirtithe leasmhara inmheánacha ar fud ghnólacht UÉ

  • Freagrach as gealltanais sláinte agus sábháilteachta a chur chun cinn agus a chur i gcrích ar fud UÉ agus a shlabhra soláthair, iompraíochtaí dearfacha a neartú agus cuspóirí agus riachtanais sláinte agus sábháilteachta ar na caighdeáin is airde sa tionscal a chur i gcrích

  • Tacú le Clár Uisce Éireann um Bunathrú a chur i gcrích, torthaí a theastaíonn laistigh den Stiúrthóireacht a spreagadh, agus tacaíocht a thabhairt do chuspóirí uile-eagraíochta a bhaint amach

  • Dualgais agus freagrachtaí a chur i gcrích i gcomhréir le beartais, caighdeáin, próisis agus rialuithe Slándála Faisnéise Uisce Éireann chun rúndacht, sláine agus infhaighteacht faisnéise gnó de chuid Uisce Éireann a chosaint, agus seirbhísí ríthábhachtacha a chur i gcrích, i gcomhréir le Treoir NIS (Slándáil Líonra agus Faisnéise) agus le rialachán cibearshlándála ábhartha eile ar bith.

  • Dualgais eile de réir mar is gá

Eolas, Scileanna agus Taithí:

  • Tá cáilíocht agus / nó creidiúnú ábhartha tríú leibhéal inmhianaithe

  • Tá taithí de 5 bliana ar a laghad sa tionscal uisce, sa tionscal fóntais nó i dtionscail chomhchosúla inmhianaithe, é sin nó taithí ábhartha nó an dá rud araon

  • An cumas a bheith ag an té comhpháirtíochtaí straitéiseacha éifeachtacha a fhorbairt agus a choinneáil ar bun le príomhpháirtithe leasmhara go hinmheánach agus go seachtrach agus treorú agus tacaíocht a chur ar fáil do dhéanamh na gcinntí cearta

  • Dea-theist maidir le déileáil le ceisteanna casta, go réamhghníomhach agus go pras, chomh maith leis an gcumas faisnéis chasta a chur in iúl do dhaoine eile

  • Duine an-díograiseach ar dual dó/di obair de réir an leibhéil phroifisiúntachta agus na gcaighdeán eiticiúil is airde agus is féidir. Dea-theist air nó uirthi torthaí fónta a bhaint amach chomh maith.

  • Bheith taithíoch ar phróisis ceann go ceann a bhainistiú le cinntiú go bhfaigheann custaiméirí an tseirbhís a mbíonn siad ag súil léi.

  • Taithí fhollasach ar dhaoine a bhainistiú, ar fhoireann a threorú chun oibriú le chéile agus ar thacaíocht a chur ar fáil d’fhonn na cinntí cearta a dhéanamh.

  • Scileanna anailíse láidre agus cumas anailís a dhéanamh ar fhadhbanna agus ar ghnéithe feabhais féideartha agus iad a shainaithint, mar aon le réitigh a mholadh agus a chur i bhfeidhm

  • An cumas déileáil le dálaí éagsúla agus an cumas béim agus treo a athrú le bheith ag teacht le straitéis agus le riachtanais ghnó a léiriú

  • Inniúlacht i gceannaireacht a thabhairt le dea-shampla i gcásanna dúshlánacha agus dul i mbun gnímh bunaithe ar aiseolas foirne.

  • Réimsí nua feabhais a shainaithint go réamhghníomhach agus faisnéis agus scileanna nuafhoghlamtha a úsáid i mbun oibre

  • Taithí ar do chion a dhéanamh chun timpeallacht shábháilte oibre a chinntiú trí sheiceálacha rialta a dhéanamh go gcloítear le cleachtais sábháilteachta agus folláine

Is é an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ar an bhfolúntas seo ná 11/11/2026.

Tabhair faoi deara nach nglacfar le haon iarratas a chuirtear isteach tar éis an dáta deiridh seo.

*Tabhair faoi deara go gcuirfear tú ar an raon tuarastail atá bunaithe ar do scileanna agus taithí, má éiríonn leat. Tabhair faoi deara gurb ionann pointe tagartha Margaidh (lárphointe) an raoin agus an chuid is airde den tairiscint go ginearálta, nuair a mheastar go bhfuil duine go hiomlán ábalta tabhairt faoi dhualgais an róil, agus tugtar an deis don fhostaí dul chun cinn a dhéanamh tríd an raon pá de réir mar a fhorbraíonn a t(h)aithí a thuilleadh.

Is fostóir comhdheiseanna é Uisce Éireann.

Táimid tiomanta d'ionad oibre éagsúil agus cuimsitheach a chur ar fáil agus tá straitéis agus creat láidir againn ar a dtugtar ibelong chun é sin a chumasú. Is fostóir comhdheiseanna muid agus trínár bpróiseas earcaíochta, spreagaimid agus fáiltímid roimh iarratais ó dhaoine aonair a bhfuil suim acu agus atá cáilithe go cuí beag beann ar inscne, ar aois, ar bhunús ciníoch nó eitneach, ar bhallraíocht den lucht siúil, ar reiligiún nó ar chreidimh, ar stádas teaghlaigh nó ar stádas sibhialta, ar chlaonadh gnéis/ar fhéiniúlacht inscne nó ar mhíchumas.

We are Uisce Éireann. Every day, we are responsible for the delivery of secure, safe, and sustainable water services for the people of Ireland. As Ireland’s national regulated water utility, our vision is a sustainable Ireland where water is respected and protected, for the planet and all the lives it supports.

Our purpose at Uisce Éireann is to rise to the challenge of de