Wastewater Operator/Operative (Network / Network Maintenance & Repair) - Ringsend
Dublin, Ireland9h ago
Free account needed to apply or save. It takes a minute, and we'll bring you right back to this job.
How well do you match this job?
Key details
- Location
- Dublin, Ireland
- Work style
- Onsite
- Job type
- Full-time
- Function
- Skilled trades & Manufacturing
- Focus area
- other
- Posted
- 9h ago
Skills
About the role
Is sinne Uisce Éireann. Gach lá, bímid freagrach as seirbhísí uisce atá slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Mar fhóntas uisce rialáilte náisiúnta na hÉireann, is í ár bhfís go mbeidh Éire inbhuanaithe ann ina bhfuil meas ar uisce agus ina bhfuil sé cosanta, don domhan agus do na saolta uile a gcothaítear leis.
Is é an cuspóir atá ag Uisce Éireann ná a bheith inchurtha leis an dúshlán a bhaineann le seirbhísí bunathraitheacha uisce a sholáthar chun go mbeidh rath ar phobail. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid bródúil as an bhfreagracht a ghlacadh as ár soláthar uisce a chosaint agus córas sábháilte uisce a chur ar aghaidh chuig daonra atá ag fás go tapa agus fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann a chumhachtú.
Táimid paiseanta faoi chumhacht a thabhairt dár ndaoine, iad a chumasú tionchar dearfach a bheith acu ar phobail ar fud na hÉireann. Tá comhfhís agus comhchuspóir mar threoir againn, agus cloímid le luachanna a shainíonn cé sinne agus a mhúnlaíonn an chaoi a n-oibrímid, áit a bhfreastalaímid ar chustaiméirí agus ar phobail, a n-oibrímid níos fearr le chéile, a ndéanaimid an rud ceart, a mbíonn uaillmhianta againn, agus a gcoinnímid a chéile slán. Is trínár n-iompar a shainítear an chaoi a ndéanaimid caidreamh agus cumarsáid le chéile, agus a mbíonn rath orainn le chéile. Baineann na luachanna agus an t-iompar seo le gach duine againn, thar gach ról, suíomh, agus leibhéal.
Is é an sprioc atá againn daoine oilte agus cumasacha ó chúlraí éagsúla a mhealladh agus a fhorbairt, agus tabharfaidh na daoine sin raon dinimiciúil saineolais agus léargas chuig ár gcuid oibre. Agus lucht saothair láidir luachbhunaithe ag Uisce Éireann, cinntítear gur féidir linn seirbhísí uisce na hÉireann a chur chun cinn agus freastal ar riachtanais na bpobal a bhfreastalaímid orthu, agus gur féidir linn leanúint ar aghaidh leis an obair sin do na glúnta atá le teacht.
An Ról:
Is bunchloch í an fheidhm Oibríochtaí Sócmhainní maidir le seachadadh seirbhíse do chustaiméirí, an comhshaol a chosaint agus na caighdeáin rialála a chomhlíonadh chomh maith le formhór an chaiteachais oibriúcháin a bhainistiú. Tá freagracht ar réimse feidhme na nOibríochtaí Sócmhainní as straitéis oibríochta agus cothabhála, beartais, pleanáil agus nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha le haghaidh oibríochtaí Uisce agus Fuíolluisce go náisiúnta agus go réigiúnach, rud a chinntíonn go gcuirtear luach ar airgead agus seirbhís do chustaiméirí ar fáil.
Tá freagracht ar fhoireann na nOibríochtaí Uisce agus Fuíolluisce as soláthar réigiúnach seirbhísí oibriúcháin uisce agus fuíolluisce trí na sócmhainní cóireála agus líonra a oibriú, a iniúchadh, a chothabháil agus a dheisiú.
Tá sainchúram ag an Oibritheoir Líonra Fuíolluisce thar limistéar geografach agus tá sé/sí freagrach as oibriú an líonra fuíolluisce a thacú chun seirbhís sheasmhach a sholáthar do chustaiméirí agus chun gníomhaíochtaí gnáthchothabhála a dhéanamh ar bhonn sócmhainní an líonra. Déanfaidh an tOibrithreoir Líonra Fuíolluisce idirphlé tábhachtach leis an gcustaiméir agus réiteoidh sé/sí fadhbanna an chéad uair nuair is féidir.
Tá sainchúram limistéir ag Oibrí Cothabhála agus Deisithe an Líonra Fuíolluisce agus tá sé/sí freagrach as gníomhaíochtaí cothabhála agus deisithe beartaithe agus frithghníomhacha a thacú ar fud bhonneagar an líonra fuíolluisce ar bhealach sábháilte.
Táimid i mbun earcaíochta faoi láthair le haghaidh Oibritheoirí/Oibrithe chun folúntais reatha a líonadh agus chomh maith leis sin táimid ag iarraidh daoine a chur ar phainéal maidir le folúntais amach anseo. Breithneofar iarratais do na róil thuas. Tá sainchuntais phoist iomlána ar fáil thíos.
Beidh sé riachtanach obair a dhéanamh lasmuigh d’uaireanta oibre agus beidh rátaí oiriúnacha ragoibre agus fuireachais i bhfeidhm.
Tabhair faoi deara go mbeidh sé riachtanach go mbeidh tú lonnaithe laistigh d’achar réasúnta ó limistéar na hoibre/na sócmhainne a shannfar d’fhonn a bheith in ann freagairt gan mhoill do riachtanais taobh amuigh de ghnáthuaireanta oibre.
Tabhair faoi deara go gcuirfear iarrthóirí rathúla ar bhanda tuarastail bunaithe ar a gcuid scileanna agus taithí agus an pointe tosaithe don ról seo socraithe ag an íosmhéid de €36,640.
____________________
Is sinne Uisce Éireann. Gach lá, bímid freagrach as seirbhísí uisce atá slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Mar fhóntas uisce rialáilte náisiúnta na hÉireann, is í ár bhfís go mbeidh Éire inbhuanaithe ann ina bhfuil meas ar uisce agus ina bhfuil sé cosanta, don domhan agus do na saolta uile a gcothaítear leis.
Is é an cuspóir atá ag Uisce Éireann ná a bheith inchurtha leis an dúshlán a bhaineann le seirbhísí bunathraitheacha uisce a sholáthar chun go mbeidh rath ar phobail. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid bródúil as an bhfreagracht a ghlacadh as ár soláthar uisce a chosaint agus córas sábháilte uisce a chur ar aghaidh chuig daonra atá ag fás go tapa agus fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann a chumhachtú.
Táimid paiseanta faoi chumhacht a thabhairt dár ndaoine, iad a chumasú tionchar dearfach a bheith acu ar phobail ar fud na hÉireann. Tá comhfhís agus comhchuspóir mar threoir againn, agus cloímid le luachanna a shainíonn cé sinne agus a mhúnlaíonn an chaoi a n-oibrímid, áit a bhfreastalaímid ar chustaiméirí agus ar phobail, a n-oibrímid níos fearr le chéile, a ndéanaimid an rud ceart, a mbíonn uaillmhianta againn, agus a gcoinnímid a chéile slán. Is trínár n-iompar a shainítear an chaoi a ndéanaimid caidreamh agus cumarsáid le chéile, agus a mbíonn rath orainn le chéile. Baineann na luachanna agus an t-iompar seo le gach duine againn, thar gach ról, suíomh, agus leibhéal.
Is é an sprioc atá againn daoine oilte agus cumasacha ó chúlraí éagsúla a mhealladh agus a fhorbairt, agus tabharfaidh na daoine sin raon dinimiciúil saineolais agus léargas chuig ár gcuid oibre. Agus lucht saothair láidir luachbhunaithe ag Uisce Éireann, cinntítear gur féidir linn seirbhísí uisce na hÉireann a chur chun cinn agus freastal ar riachtanais na bpobal a bhfreastalaímid orthu, agus gur féidir linn leanúint ar aghaidh leis an obair sin do na glúnta atá le teacht.
An Ról:
Is bunchloch í an fheidhm Oibríochtaí Sócmhainní maidir le seachadadh seirbhíse do chustaiméirí, an comhshaol a chosaint agus na caighdeáin rialála a chomhlíonadh chomh maith le formhór an chaiteachais oibriúcháin a bhainistiú. Tá freagracht ar réimse feidhme na nOibríochtaí Sócmhainní as straitéis oibríochta agus cothabhála, beartais, pleanáil agus nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha le haghaidh oibríochtaí Uisce agus Fuíolluisce go náisiúnta agus go réigiúnach, rud a chinntíonn go gcuirtear luach ar airgead agus seirbhís do chustaiméirí ar fáil.
Is ar an bhfoireann sa réimse Bainistíochta O&C Fuíolluisce a luíonn an fhreagracht as seirbhísí oibríochtaí fuíolluisce a sholáthar ar bhonn náisiúnta trí shócmhainní fuíolluisce (líonra/cóireáil) a oibriú, a iniúchadh, a chothabháil agus a dheisiú.
Beidh an tOibritheoir Líonra Fuíolluisce freagrach don Cheannasaí Foirne Oibríochtaí Líonra Fuíolluisce, bainfidh a s(h)ainchúram le limistéar geografach ar leith agus beidh sé/sí freagrach as tacú le hoibriú an líonra uisce agus fuíolluisce chun seirbhís sheasmhach a chur ar fáil do chustaiméirí agus chun gnáthghníomhaíochtaí cothabhála a dhéanamh ar shócmhainní an líonra. Déanfaidh an tOibrithreoir Líonra Fuíolluisce idirphlé tábhachtach leis an gcustaiméir agus réiteoidh sé/sí fadhbanna an chéad uair nuair is féidir.
Beidh sé riachtanach obair a dhéanamh lasmuigh d’uaireanta oibre agus beidh rátaí oiriúnacha ragoibre agus fuireachais i bhfeidhm.
Príomhdhualgais agus Freagrachtaí:
• Oibriú an líonra fuíolluisce a thacú chun seirbhís sheasmhach a sholáthar do chustaiméirí agus chun gníomhaíochtaí gnáthchothabhála a dhéanamh ar shócmhainní an líonra. Beidh na nithe a leanas san áireamh le gníomhaíochtaí líonra eile: ag cuidiú le suirbhéanna ar shéaraigh de réir mar is gá; láthair insíothlaithe throm nó screamhuisce ó shilteáin bhóthair a aimsiú, imscrúduithe a dhéanamh agus idirghabhálacha a shainaithint a theastaíonn ón líonra, baic a ghlanadh agus freagairt a dhéanamh d’aláraim de réir mar is gá.
• Seiceáil rialta a dhéanamh ar bhearta maidir le dáileoga ceimiceán ag stáisiúin caidéalúcháin agus ar ghníomhaíochtaí rialaithe bolaidh eile agus tacaíocht a thabhairt do na foirne Comhlíontachta agus Samplála Fuíolluisce le gníomhaíocht samplála oibriúcháin lena n-áirítear príomhphíobáin nua, deisithe pléascthaí agus clistí agus tuairisciú a dhéanamh ar thorthaí na hanailíse de réir mar is gá.
• An custaiméir a chur ar an eolas faoi fhadhbanna agus réitigh, iniúchadh a dhéanamh ar ghearáin ghéaraithe an chustaiméara agus ionadaithe áitiúil agus fiosrú a dhéanamh orthu ina ndiaidh chun tacaíocht a thabhairt do sholáthar seirbhís chustaiméara sheasmhaigh agus bainistíocht a dhéanamh ar an riosca bainteach le sláinte phoiblí agus comhlíontacht.
• Tacaíocht a thabhairt d’fhoirne custaiméara lena n-áirítear Bainisteoirí Bunchuntais agus Seirbhís Chustaiméara le haon saincheist/cheist chustaiméara nó in áiteanna a mbíonn tionchar ag oibreacha ar sholáthar seirbhís chustaiméara orthu.
• Taifead tapa agus tuairisciú cruinn a dhéanamh ar fhaisnéis ábhartha maidir le feidhmíocht an líonra fuíolluisce agus úsáid á baint as na córais teicneolaíochta a chuirtear ar fáil lena n-áirítear iniúchtaí a logáil agus iarratais a ardú maidir le horduithe oibre leantacha agus taifid Sláinte agus Sábháilteachta agus bainistíocht fardail a uasdátú nuair is gá.
• Cinntiú go gcomhlíontar gach nós imeachta maidir le sláinte agus sábháilteacht agus go bhfeidhmítear measúnuithe riosca (Plean Sábháilteachta san Áit Oibre), go n-úsáidtear PPE, agus dualgais atá de dhíth faoi Rialacháin Tógála.
• Ar bhealach freagrach, cinntiú go mbíonn oibríochtaí fheithiclí agus innealra Uisce Éireann i gcomhréir le beartais sláinte, sábháilteachta agus slándála feithiclí Uisce Éireann, lena chinntiú go bhfuil leibhéil stoc na bhfeithiclí leordhóthanach chun obair a dhéanamh nuair is gá.
• Seans go mbeidh freagracht ar an té a cheapfar feithicil 3.5 tona / 4.2 tona a oibriú.
Dualgais agus Freagrachtaí Ginearálta:
• Comhoibriú le príomhpháirtithe leasmhara inmheánacha ar fud ghnólacht UÉ.
• Freagrach as gealltanais sláinte agus sábháilteachta a chur chun cinn agus a sheachadadh ar fud UÉ agus a shlabhra soláthair, iompair dhearfacha a neartú agus cuspóirí agus riachtanais sláinte agus sábháilteachta ar na caighdeáin is airde sa tionscal a sheachadadh.
• Tacaíocht a thabhairt don Chlár Uisce Éireann um Bunathrú chun Feabhais a sholáthar, torthaí a theastaíonn laistigh den Stiúrthóireacht a bhaint amach, agus tacú le cuspóirí uile-eagraíochta a bhaint amach.
• Dualgais agus freagrachtaí a chur i gcrích i gcomhréir le beartais, caighdeáin, próisis agus rialuithe Slándála Faisnéise Uisce Éireann chun rúndacht, sláine agus infhaighteacht faisnéise gnó de chuid Uisce Éireann a chosaint, agus seirbhísí ríthábhachtacha a chur i gcrích, i gcomhréir le Treoir NIS (Slándáil Líonra agus Faisnéise) agus le rialachán cibearshlándála ábhartha eile ar bith.
• Dualgais eile nuair is gá.
Eolas, Scileanna agus Taithí:
• Oideachas dara leibhéil nó taithí oibre coibhéiseach
• Is riachtanas íosta é ceadúnas tiomána chatagóir B Éireannach atá iomlán, glan agus bailí. Sainmhínítear ceadúnas glan tiomána mar seo a leanas; níor ciontaíodh an t-iarrthóir i gcion faoi na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre (seachas cion arb é an pionós pointí pionóis a ghearradh ina leith). Tá catagóirí breise Ceadúnais Tiomána ina mbuntáiste
• Coinnímid a chéile slán - taithí/tuiscint ar oibriú laistigh de chultúr láidir sláinte agus sábháilteachta
• Is buntáiste é taithí a bheith agat ar a bheith ag obair i dtionscal na tógála roimhe seo
• Is fearr eolas maith a bheith agat ar gach scil atá ag teastáil do bhonneagar agus oibríochtaí líonra fuíolluisce
• Is buntáiste é feasacht nó tuiscint bhunúsach a bheith agat ar líonraí uisce agus eolas a bheith agat ar phróisis líonraí uisce
• Taithí ar chórais TF a úsáid
• Táimid uaillmhianach - Scileanna láidre réitithe fadhbanna
• Déanaimid beart de réir ár mbriathair do chustaiméirí agus do phobail - Scileanna láidre sa tseirbhís do chustaiméirí
• Le hoiliúint iomlán agus measúnú ar riosca, ní foláir go mbeadh an rólshealbhóir in ann oibriú i dtimpeallacht a bhféadfadh a bheith míchompordach nó contúirteach le hoibriú inti mar shampla: oibriú le ceimicí contúirteacha, camras, spásanna cúnga, obair aonarach, uisce domhain, ainmhithe, míolra, torann, creathadh láimhe agus géige, srl. Caithfear measúnú rathúil ar shláinte cheirde a dhéanamh a dhearbhaíonn oiriúnacht don obair i dtimpeallacht den chineál sin.
• Scileanna Litearthachta
• Is fearr iarrthóirí a bhfuil taithí oibre laistigh de Sheirbhísí Uisce agus/nó Fóntais eile acu
Tabhair faoi deara go mbeidh sé riachtanach a bheith lonnaithe laistigh d’achar réasúnta ó limistéar na hoibre a shannfar d’fhonn a bheith in ann freagairt a dhéanamh gan mhoill do riachtanais taobh amuigh de ghnáthuaireanta oibre.
Tabhair faoi deara go gcuirfear iarrthóirí rathúla ar bhanda tuarastail bunaithe ar a gcuid scileanna agus taithí agus an pointe tosaithe don ról seo socraithe ag an íosmhéid de €36,640.
Is fostóir comhdheiseanna é Uisce Éireann.
Táimid tiomanta d'ionad oibre éagsúil agus cuimsitheach a chur ar fáil agus tá straitéis agus creat láidir againn ar a dtugtar ibelong chun é sin a chumasú. Is fostóir comhdheiseanna muid agus trínár bpróiseas earcaíochta, spreagaimid agus fáiltímid roimh iarratais ó dhaoine aonair a bhfuil suim acu agus atá cáilithe go cuí beag beann ar inscne, ar aois, ar bhunús ciníoch nó eitneach, ar bhallraíocht den lucht siúil, ar reiligiún nó ar chreidimh, ar stádas teaghlaigh nó ar stádas sibhialta, ar chlaonadh gnéis/ar fhéiniúlacht inscne nó ar mhíchumas.
____________________
Is sinne Uisce Éireann. Gach lá, bímid freagrach as seirbhísí uisce atá slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Mar fhóntas uisce rialáilte náisiúnta na hÉireann, is í ár bhfís go mbeidh Éire inbhuanaithe ann ina bhfuil meas ar uisce agus ina bhfuil sé cosanta, don domhan agus do na saolta uile a gcothaítear leis.
Is é an cuspóir atá ag Uisce Éireann ná a bheith inchurtha leis an dúshlán a bhaineann le seirbhísí bunathraitheacha uisce a sholáthar chun go mbeidh rath ar phobail. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid bródúil as an bhfreagracht a ghlacadh as ár soláthar uisce a chosaint agus córas sábháilte uisce a chur ar aghaidh chuig daonra atá ag fás go tapa agus fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann a chumhachtú.
Táimid paiseanta faoi chumhacht a thabhairt dár ndaoine, iad a chumasú tionchar dearfach a bheith acu ar phobail ar fud na hÉireann. Tá comhfhís agus comhchuspóir mar threoir againn, agus cloímid le luachanna a shainíonn cé sinne agus a mhúnlaíonn an chaoi a n-oibrímid, áit a bhfreastalaímid ar chustaiméirí agus ar phobail, a n-oibrímid níos fearr le chéile, a ndéanaimid an rud ceart, a mbíonn uaillmhianta againn, agus a gcoinnímid a chéile slán. Is trínár n-iompar a shainítear an chaoi a ndéanaimid caidreamh agus cumarsáid le chéile, agus a mbíonn rath orainn le chéile. Baineann na luachanna agus an t-iompar seo le gach duine againn, thar gach ról, suíomh, agus leibhéal.
Is é an sprioc atá againn daoine oilte agus cumasacha ó chúlraí éagsúla a mhealladh agus a fhorbairt, agus tabharfaidh na daoine sin raon dinimiciúil saineolais agus léargas chuig ár gcuid oibre. Agus lucht saothair láidir luachbhunaithe ag Uisce Éireann, cinntítear gur féidir linn seirbhísí uisce na hÉireann a chur chun cinn agus freastal ar riachtanais na bpobal a bhfreastalaímid orthu, agus gur féidir linn leanúint ar aghaidh leis an obair sin do na glúnta atá le teacht.
An Ról:
Is bunchloch í an fheidhm Oibríochtaí Sócmhainní maidir le seachadadh seirbhíse do chustaiméirí, an comhshaol a chosaint agus na caighdeáin rialála a chomhlíonadh chomh maith le formhór an chaiteachais oibriúcháin a bhainistiú. Tá freagracht ar réimse feidhme na nOibríochtaí Sócmhainní as straitéis oibríochta agus cothabhála, beartais, pleanáil agus nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha le haghaidh oibríochtaí Uisce agus Fuíolluisce go náisiúnta agus go réigiúnach, rud a chinntíonn go gcuirtear luach ar airgead agus seirbhís do chustaiméirí ar fáil.
Is ar an bhfoireann sa réimse Bainistíochta O&C Fuíolluisce a luíonn an fhreagracht as seirbhísí oibríochtaí fuíolluisce a sholáthar ar bhonn náisiúnta trí shócmhainní fuíolluisce (líonra/cóireáil) a oibriú, a iniúchadh, a chothabháil agus a dheisiú.
Tá an tOibrí Cothabhála agus Deisithe Líonra Fuíolluisce freagrach don Cheannasaí Foirne Cothabhála agus Deisithe Líonra Fuíolluisce, tá sainchúram limistéir aige/aici agus tá sé/sí freagrach as tacú le gníomhaíochtaí cothabhála agus deisithe, idir bheartaithe agus fhrithghníomhach, ar fud an bhonneagair líonra fuíolluisce.
Príomhdhualgais agus Freagrachtaí:
• Gníomhaíochtaí cothabhála agus deisithe pleanáilte agus frithghníomhacha ar fud an bhonneagair líonra fuíolluisce ar bhealach sábháilte, lena n-áirítear deisiúcháin ar phíobáin phléasctha agus tite agus/nó séaraigh atá tachta a ghlanadh, deisiúcháin ar an stáisiún caidéalúcháin agus ar thobair fhliucha, srl. chun seirbhís sheasmhach do chustaiméirí a chur ar fáil
• Freagrach as freagairt a thabhairt d’aláraim agus fadhbanna maidir le sócmhainní bonneagair an líonra fuíolluisce a réiteach agus d’fhéadfadh iad seo a leanas a bheith san áireamh:
o Tuilte ó shéaraigh, lena n-áirítear suirbhéanna TCI
o Aláraim stáisiúin caidéalúcháin agus calcthaí a bheidh le hardú agus le glanadh
o Forsceití stáisiúin caidéalúcháin
o Ag obair i seomraí faoi thalamh
o Clúdaigh agus frámaí dúnphoill a iompar
o Ag obair i dtimpeallacht le drochbholaithe
• Fadhbanna a aithint agus a réiteach a cuireadh in iúl nó a aimsíodh ar an láithreán, is é sin, fabhtanna meicniúla, caidéil atá tachta a ardú agus a scoilteadh (agus iad a bhaint den láithreán más gá), séaraigh atá tachta srl.
• Tástáil a dhéanamh i ndiaidh deisiúcháin ar phíobáin agus caidéil ar bhonn sócmhainní an líonra fuíolluisce
• Feithicil 3.5 tona / 4.2 tona a oibriú agus cothabháil a dhéanamh uirthi. Seans go mbeidh freagracht ar an té aonad vactor HGV (20 tona +) a oibriú ón iosta
• Tacaíocht a thabhairt le freagairt ar theagmhais agus ar éigeandálaí, ag cinntiú go gcloítear le caighdeáin sláinte agus sábháilteachta uile agus go mbíonn rangúcháin truaillithe comhsheasmhach.
• An comhéadan le custaiméirí a bhainistiú agus eolas a chur ar chustaiméirí faoin bhfadhb agus an réiteach a bhaineann leis, agus ionadaíocht a dhéanamh d’Uisce Éireann sa réimse sin. Freagrach as iniúchadh a dhéanamh ar ghearáin chustaiméirí/ceisteanna ó ionadaithe áitiúla agus na réitigh a rinneadh ina leith a chur in iúl
• Freagrach as gníomhaíochtaí réamhghníomhacha a dhéanamh chun seirbhís sheasmhach do chustaiméirí a chur ar fáil, lena n-áirítear glanadh pleanáilte stáisiún caidéalúcháin; scairdeáil séarach a bhíonn blocáilte go minic agus iniúchtaí reachtúla ar slabhraí agus trealamh iompair
• Fadhbanna a ardú don té lena mbaineann agus ag cinntiú go ndéantar sonraí a ghabháil maidir le fadhbanna atá ábhartha d’fhorbairt pleananna oibríochtúla, cothabhála agus deisithe
• Freagrach as ceangail nua a dhéanamh don líonra de réir mar is gá
• Freagrach as a chinntiú go bhfuil go leor stoic i bhfeithiclí chun gníomhaíochtaí Cothabhála agus Deisithe a dhéanamh ar an gcéad chuairt
• A chinntiú go ndéanfar an fhaisnéis uile a thaifeadadh go cruinn agus a thuairisciú go pras chun críocha iniúchóireachta, lena n-áirítear sonraí a ghabháil ar shócmhainní atá ann cheana féin nó ar shócmhainní athsholáthair ag baint úsáid as na córais teicneolaíochta atá ar fáil.
• Freagrach as úinéireacht a ghlacadh as agus iniúchadh a dhéanamh ar ghearáin chustaiméirí ardaithe/ceisteanna ó ionadaithe áitiúla agus na réitigh a rinneadh ina leith ar Maximo laistigh de na hamlínte sainithe a chur in iúl
• Freagrach as bheith ag obair de réir sceideal (chun spriocanna a bhaint amach mar atá sainithe sa lámhleabhar CRF) agus orduithe oibre a dhúnadh chun cothabháil a dhéanamh ar an líonra fuíolluisce agus gníomhaíochtaí deisithe a chur i gcrích le húsáid a bhaint as na córais teicneolaíochta a chuirtear ar fáil
• Freagrach as ceadúnais a eisiúint do gach conraitheoir ábhartha agus a chinntiú go leanann siad nósanna imeachta maidir le sláinte agus sábháilteacht.
• Uasdátú a dhéanamh ar na córais chuí agus tuairisciú a dhéanamh ar shaincheisteanna / fadhbanna seachtracha custaiméirí, lena n-áirítear iarratais ar thasc agus uasdátuithe CFG
• Freagrach as tascanna riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear cláir ama a chur i gcrích, orduithe oibre, iarratais cheannaigh a ardú, taifid Sláinte agus Sábháilteachta, bainistíocht cothabhála bunaithe ar riosca agus bainistíocht fardail le húsáid a bhaint as na córais teicneolaíochta atá ar fáil

• Iniúchtaí frithghníomhacha a dhéanamh agus iarratais ar obair a ardú le haghaidh réitigh, orduithe oibre uasdátaithe a sheoladh ar ais ón réimse a bhfuil tuilleadh teagmhála agus ionchur ón tSeirbhís do Chustaiméirí ag teastáil uathu
• Tacaíocht a thabhairt do Bhainisteoirí Príomhchuntas maidir le ceisteanna ar bith a bhaineann le fadhbanna a théann i bhfeidhm ar Phríomhchuntais ina gceantar
• Tacaíocht a thabhairt don Ionad Teagmhála do Chustaiméirí / Speisialtóir Teicniúil Teagmhála do Chustaiméirí le haon fhadhbanna/ceisteanna ó chustaiméirí a bhaineann lena limistéar
• A chinntiú go ndéantar taifead ar aon damáiste do shócmhainn, cé acu tríú páirtí nó daoine eile a rinne é, a thuairisciú don Cheannasaí Foirne, nuair is gá
Dualgais agus Freagrachtaí Ginearálta:
• Comhoibriú le príomhpháirtithe leasmhara inmheánacha ar fud ghnólacht UÉ
• Freagrach as gealltanais sláinte agus sábháilteachta a chur chun cinn agus a sheachadadh ar fud UÉ agus a shlabhra soláthair, iompair dhearfacha a neartú agus cuspóirí agus riachtanais sláinte agus sábháilteachta ar na caighdeáin is airde sa tionscal a sheachadadh.
• Tacaíocht a thabhairt don Chlár Uisce Éireann um Bunathrú chun Feabhais a sholáthar, torthaí a theastaíonn laistigh den Stiúrthóireacht a bhaint amach, agus tacú le cuspóirí uile-eagraíochta a bhaint amach.
• Dualgais eile nuair is gá.
Eolas, Scileanna agus Taithí:
• An Teastas Sóisearach nó a comhionann
• Tá Sainteastas F